Ó na 2 Johnnies go na Hothouse Flowers: tá RTÉ ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge le Energia 2024

Tá na Two Johnnies ag dul go dtí an Ghaeltacht. Tá na Hothouse Flowers ag dul siar bóithrín na smaointe. Agus tá fonn ar Bhláithín de Burca labhairt faoi chúrsaí ghnéis as Gaeilge in The Irish for Sex. Fáilte go #SnaG24 ar RTÉ.  Beidh RTÉ ag obair i bpáirt arís le Conradh na Gaeilge le haghaidh Seachtain na Gaeilge le Energia 2024, agus ceiliúradh á dhéanamh ar gach a bhaineann leis an nGaeilge. Tá ról lárnach ag an bhféile ó thaobh daoine fud fad na hÉireann agus ar fud an domhain a spreagadh leis an ‘gcúpla focal’ atá acu a úsáid.    Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón Aoine an 1 Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig, Dé Domhnaigh an 17 Márta, agus tá sí ar cheann de na hócáidí ceiliúrtha idirnáisiúnta is mó atá againn ar na nGaeilge agus ar ár gcultúr.   Dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Seo é an rogha is fearr de chláir nuálacha trasardáin dá raibh ag RTÉ go dtí seo chun tacú le Seachtain na Gaeilge, agus tá ábhar nua agus beo ar fáil i nGaeilge agus go dátheangach ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne. Tá méadú tagtha ar líon na gclár Gaeilge a chraolann RTÉ, ó 123 uair an chloig d’ábhar Gaeilge in 2017 go dtí beagnach 1,200 uair an chloig in 2023 – rud a thugann léargas ar leith faoi dhúthracht RTÉ i leith na teanga. Is do gach duine Seachtain na Gaeilge, lena n-áirítear an dream nach bhfuil acu ach na ‘cúpla focal”   BUAICPHOINTÍ AR AN TEILIFÍS  Tá fás leanúnach ag teacht ar ábhar Ghaeilge agus ábhar dátheangach RTÉ agus tá rogha breá d’ábhar siamsaíochta, spóirt agus faisnéis coimisiúnaithe as an nua agus craolfar iad seo le linn buaicthréimhsí in Earrach na bliana 2024.    Cuirfear tús le séasúr nua de choimisiúin Chláracha Gaeilge le The Irish for Sex (RTÉ One, Déardaoin, 14 Márta ag 10.15pm) ina mbeidh an bhean ghrinn ar a boinn, a bhfuil duaiseanna buaite aici, Bláithín de Burca, ár dtabhairt ar thuras spleodrach faoin nGaeilge sa tóir ar fhocail atá gan srian, gan náire ionas go mbeidh glúin nua in ann labhairt i nGaeilge faoi gach a bhaineann le cúrsaí gnéis agus gnéasachta. Feicimid agallaimh atá géarchúiseach – agus go minic an-ghreannmhar – le Manchán Magan, an Dr Sharon Arbuthnot ó Ollscoil Cambridge, The Wild Geeze, Growler, Hysteria Comedy Collective agus an bailitheoir cáiliúil focal Toose Mac Gearailt, agus casfaidh Bláithín le Gaeilgeoirí de gach aois agus i ngach réimse agus iad ag plé focail atá dearmadta, greannmhar agus go minic gleoite a bhaineann leis an gcuid is dlúthphearsanta dár saol. Agus an greann fite fuaite le staidéar radacach, nua, ar ár dteanga agus ar ár gcultúr, leanann an clár faisnéise Bláithín agus í ag cur liosta le chéile d’fhocail a bhraitheann sí a bheith in easnamh, ní hamháin agus í ag obair mar bhean ghrinn, ina gnáthshaol ó lá go lá chomh maith.   Tá na Hothouse Flowers ar cheann de na bannaí ceoil is ansa linn in Éirinn ó thosaigh siad amach i dtosach beagnach dhá scór bliain ó shin. 35 bliain níos déanaí táimid ina gcomhluadar in Albain agus iad ar bhabhta amháin dá gcamchuairt sa Ríocht Aontaithe. Tá a lucht leanúna tagtha go Glaschú agus Aberdeen as Melbourne, Berlin, Liverpool agus fiú chomh fada ó bhaile le Toraí agus iad in ann gach uile fhocal a chanadh in éineacht leo. Beidh muid in ann éisteacht leis an lucht leanúna, an banna féin agus baill dá dteaghlaigh agus muid ag bualadh isteach chucu anois agus arís agus iad ar a dturas, ag dul siar agus aniar ina stair, ag plé an chaoi ar éirigh chomh hiontach leis an mbanna ón tús, agus an chaoi ar éirigh leis an mbanna fanacht le chéile i rith an ama. Beidh Hothouse FlowersStick Around And Laugh A While, ar siúl ar RTÉ One, ar an 18 Márta, Luan an tSaoire Bainc, ag 6.30pm.   Gach tráthnóna le linn SnaG, beidh foireann an Today Show ag spreagadh an lucht féachana le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge le Focal an Lae, agus beidh gearrscannáin, a coimisiúnaíodh go speisialta, le feiceáil ar chainéil meán sóisialta an chláir.   Agus beidh neart ar siúl do na páistí i nGaeilge ar RTÉjr, ar chaineál You Tube RTÉjr, agus ar rannóg na bpáistí ar Sheinnteoir RTÉ. Tá an coiméide beochana réamhscoile, Baile na Samhlaíochta, de chuid Nuria González Blanco a bhí ainmnithe le haghaidh Oscar, in ann spreagadh agus croí a thabhairt do dhuine, agus tá sé fréamhaithe go domhain i dtéama an teaghlaigh.  Sraith foghlama beo i nGaeilge is ea Tír na nÓg, atá bunaithe ar an bhfinscéal Ceilteach, agus a bhfuil 21 cuid inti. Cuideoidh sé le páistí an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt go muiníneach, chomh maith leis an gcruthaitheacht agus an smaointeoireacht neamhspleách a fheabhsú sna luathbhlianta. Tugann Silly Sundays léargas ar an éagsúlacht atá in Éirinn na linne seo, ar an scáileán agus le linn an léirithe araon. Bí ag éisteacht laethanta na seachtaine ar RTÉ Jr ón 28 Feabhra ar aghaidh.    BUAICPHOINTÍ AR AN RAIDIÓ

Ar RTÉ 2FM, tá The 2 Johnnies ag tabhairt aghaidh ar an nGaeltacht in Iarthar Chiarraí, áit a mbeidh siad ag craoladh beo ó theach tábhairne Pháidí Uí Shé i gCeanntrá ar an Aoine an 8 Márta. Beidh ambasadóir Sheachtain na GaeilgeAindriú de Paor ag cuidiú leis na leaideanna agus iad ag teannadh leis an lá mór agus ag cabhrú leo gach lá lena ‘gcúpla focal’.  Beidh Jennifer Zampereilli ag foghlaim faoi Ghnéas as Gaeilge. Agus ar Breakfast with Donncha, Doireann and Carl, beidh siad ag tabhairt faoi chuid de na míreanna agus ceisteanna is fearr leo as Gaeilge. Tiúnail isteach mar is gnáth chuig The National Chart Show le Bláthnaid Tracey idir 7.00pm agus 9.00pm gach Aoine agus beidh nuacht dhátheangach, chomh maith le tuairiscí tráchta, le cloisteáil gach aon lá le linn na dtrí seachtaine.   Ar RTÉ Radio 1, beidh Folk on One, South Wind Blows, Céilí House, The Rolling Wave agus go leor eile ag ceiliúradh na féile ar a gcuid clár, agus ar an 14 Márta athróidh The Late Debate arís go dtí An Díospóireacht Dhéanach, áit a mbeidh painéal de pholaiteoirí ag plé ceisteanna polaitíochta a bhaineann leis an nGaeilge inár sochaí. Beidh an dá theanga in úsáid um thráthnóna, tráth a mbeidh Colm Ó Mongáin ina láithreoir. Ar 13 Márta cloisfear eagrán speisialta i nGaeilge de A Word in Edgeways clár a bhíonn ar siúl gach maidin i rith na seachtaine.      Ar RTÉ lyric fm a bheidh Éist ar siúl, agus an scríbhneoir agus teangeolaí Manchán Magan ag fí isteach focail i nGaeilge, a dhéanann cur síos ar ghnéithe éagsúla den cheol, na hamhráin, agus na fuaimeanna, sna sceidil laethúla.    Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, is í Seachtain na Gaeilge í gach seachtain den bhliain agus leanfaidh an stáisiún de thogha an cheoil, an chomhrá agus na díospóireachta a chur ar fáil chomh maith le nuacht náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil gach lá den mhí. Ar RTÉjr Radio, tabharfaidh Ón Domhan Thíos na páistí ar thuras draíochtúil, mistéireach isteach i bhfinscéalta na hÉireann le scéal nua a chruthú; scéal faoi shíofraí, faoi na Tuatha de Danann agus an méid a tharlaíonn nuair a bhuaileann saol ársa an lucht sí agus páistí ó shaol na linne seo in Éirinn le chéile. Samhlaigh go bhfuil Stranger Things ag bualadh leis an nGaeltacht! Ón 7 Márta ar RTÉ Jr radio.  BUAICPHOINTÍ AR LÍNE

Tá RTÉ ag cur leis na seirbhísí atá ar fáil dúinn i nGaeilge agus tá méadú ag teacht ar an ábhar i nGaeilge a bhíonn le fáil ar RTÉ.ie agus ar Sheinnteoir RTÉ.    Ar Sheinnteoir RTÉ, cuirfidh Séaghan Ó Súilleabháin - A.K.A. The Kerry Cowboy - Shockin’ at Gaeilge i láthair. Scannán gearr lán le greann atá sa tsraith Treoir ar an nGaeilge ina múineann sé na frásaí Gaeilge a theastóidh uait chun dul i ngleic le cúrsaí an tsaoil, cúrsaí grá agus gach rud idir eatarthu. Idir a bheith ag eascaine i nGaeilge agus ag cúirtéireacht i nGaeilge sa 21ú haois, gheobhaidh tú gach a bhfuil uait ón Kerry Cowboy sna físeáin ghearra, ghreannmhara seo, atá tú in ann a roinnt.     Ar leathanach baile Sheinnteoir RTÉ leagfar amach an t-ábhar is fearr i nGaeilge le haghaidh gach aois, agus deis á tabhairt don lucht féachana fáil amach dóibh féin faoin saibhreas a bhaineann leis an rogha clár a chuireann Cláracha Gaeilge RTÉ ar fáil.

Agus leanfaidh www.rte.ie/gaeilge ar aghaidh ag tabhairt ardáin don ábhar is fearr i nGaeilge a thagann chugainn ó RTÉ agus ón tír uilig, agus ag tabhairt smaointe agus tacaíochta do dhaoine a bheadh ag iarraidh cur leis an ‘gcúpla focal’ atá acu, chomh maith le haird a tharraingt ar an gcuid is fearr de na himeachtaí a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge.  Beidh Ceolfhoireann choirme RTÉ ag roinnt a gcuid saineolais le ' Uirlis an Lae' ar ardáin meáin shóisialta RTÉ.  Má theastaíonn uait feabhas a chur ar do chuid Gaeilge le linn na míosa seo chugainn gheobhaidh tú neart ábhar a chuideoidh leat ar Learning Irish (rte.ie). Chun an t-eolas is déanaí ar fad a fháil ar Sheachtain na Gaeilge ar RTÉ, caith súil ar rte.ie/culture, rte.ie/gaeilge, chomh maith le cuntais Facebook, Twitter agus Instagram RTÉ ag úsáid #snag.   Agus chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre, téigh chuig www.snag.ie.

 

From the 2 Johnnies to the Hothouse Flowers: RTÉ Celebrates Seachtain na Gaeilge le Energia 2024 

The Two Johnnies go to the Gaeltacht. The Hothouse Flowers go time-travelling. And comedian Bláthín de Burca wants to talk about the Irish for Sex. Fáilte go #SnaG24 ar RTÉ.  RTÉ will partner once again with Conradh na Gaeilge for Seachtain na Gaeilge le Energia 2024, celebrating all things Irish and playing a central part in encouraging people across Ireland, and the world, to use their ‘cúpla focal’.    Running from Friday 1st March to St. Patrick’s Day on Sunday 17th March, Seachtain na Gaeilge is one of the biggest international celebrations of the Irish language and our culture.   Kevin Bakhurst, Director General, says: “This is RTÉ’s most innovative, cross-platform offering to date in support of Seachtain na Gaeilge, with an enhanced slate of new and live Irish-language and bilingual content across television, radio and online. RTÉ has gone from 123 hours of Irish-language content in 2017 to almost 1200 hours in 2023 – a remarkable statement of RTÉ’s commitment to the language. Seachtain na Gaeilge is for everyone, including for those of us who aspire to just a cúpla focal.”   TELEVISION HIGHLIGHTS

RTÉ continues to grow its Irish-language and bilingual offering, with a rich slate of newly commissioned entertainment, sport and factual content scheduled for broadcast in peak-time slots throughout Spring 2024.    A new season of Cláracha Gaeilge commissions kicks off with The Irish for Sex (RTÉ One, Thursday, 14th March at 10.15pm) in which award-winning bilingual standup Bláithín de Burca takes us on a jubilant journey into the Irish language in search of wild and wanton words to help a new generation express all things sex and sexuality as Gaeilge. Featuring insightful - and often laugh-out loud - interviews with Manchán Magan, Dr Sharon Arbuthnot of Cambridge University, The Wild Geeze, Growler, Hysteria Comedy Collective and renowned word-collector Toose MacGearailt, Bláithín meets Gaeilgeoirs of all ages and from all walks of life who share some forgotten, often hilarious and often beautiful words for the most intimate parts of their lives. Combining comedy with a radical re-examination of our native language and culture, the documentary follows Bláithín as she compiles a dictionary of the words she feels are missing not just from her stand-up, but from her everyday life.   The Hothouse Flowers have been one of Ireland’s most-loved bands since they first burst on the scene almost four decades ago. 35 years later we join them on the Scottish leg of their UK tour as fans from Melbourne, Berlin, Liverpool and as far afield as Tory Island descend on Glasgow and Aberdeen to sing along to every word. We hear from the fans, the band, and their family members as we dip in and out of the tour throughout our story, jumping back and forth in time as they reflect on the band’s meteoric rise, and how a band stays together for the long road. Hothouse FlowersStick Around And Laugh A While, airs on RTÉ One, 18 March, Bank Holiday Monday at 6.30pm.   Every afternoon during SnaG, the Today Show team will encourage viewers to expand their cúpla focal with a daily word of the day, or Focal an Lae, with specially-commissioned video shorts on the show’s social media channels.   And there’s plenty of children’s Gaeilge content on RTÉjr, the RTÉjr You Tube channel, and the kids’ section on RTÉ Player. Oscar-Nominated Nuria González Blanco’s animated preschool comedy Baile na Samhlaíochta is a feel-good animated comedy series full of heart, deeply rooted in the theme of family.  Inspired by the ancient Celtic legend, Tír na nÓg is a 21-part Irish language live-action language learning series that teaches children how to learn and speak Irish with confidence, while enhancing creativity and independent thought in early childhood. Silly Sundays offers a view of modern Irish diversity both on screen and throughout the production. Tune in weekdays on RTÉ Jr from 28th February.    RADIO HIGHLIGHTS

On RTÉ 2FM, The 2 Johnnies are heading to the West Kerry Gaeltacht, broadcasting live from Páidí Ó Sé’s pub in Ceanntrá on Friday 8 March. Seachtain na Gaeilge AmbassadorAindriú de Paor will be helping the lads in the lead-up to the big day with a daily guide to the cúpla focal.  Jennifer Zampereilli will be given a lesson in Sex as Gaeilge. And Breakfast with Donncha, Doireann and Carl will be undertaking some of their favourite features and quizzes as Gaeilge. As always tune into the bilingual National Chart Show with Bláthnaid Tracey from 7.00pm - 9.00pm on Fridays and there will be bilingual news and traffic reports daily throughout the three weeks.   On RTÉ Radio 1, Folk on One, South Wind Blows, Céilí House, The Rolling Wave and many more will celebrate the festival across their programmes, while on the 14th of March The Late Debate will transform once more into An Díospóireacht Dheanach with a panel of politicians discussing political issues around the Irish language in our society. The programme's panel will shift between both languages for the evening with presenter Colm Ó Mongáin at the helmA Word in Edgeways on weekday mornings will air a special Irish-language edition on the 13 March.      RTÉ lyric fm will bring us Éist, where writer and linguist Manchán Magan will weave Irish-language words describing different elements of music, song and sound throughout the daily schedules.    On RTÉ Raidió na Gaeltachta, it's Seachtain na Gaeilge every week, and the station will continue to bring you the very best of music, chat, discussion and up to the minute, national, international, and local news daily throughout the month. Over on RTÉjr Radio, Ón Domhan Thíos takes kids on a magical, mythical journey into Irish mythology to create a new story; a story of changelings, the Tuatha de Danann and what happens when the ancient world of the good folk comes up against contemporary kids in modern Ireland. Think Stranger Things meets the Gaeltacht! From 7th March on RTÉ Jr radio.  ONLINE HIGHLIGHTS

RTÉ is expanding online services as Gaeilge with a growing range of Irish-language output across RTÉ.ie and on RTÉ Player.    On RTÉ Player, Séaghan Ó Súilleabháin - A.K.A. The Kerry Cowboy - brings you Shockin’ at Gaeilge, a short-form fun-filled Guide to Gaeilge series in which he teaches the essential Irish phrases you need to get you through life, love and everything in between. From cursing as Gaeilge to dating in 21st-century Irish, the Kerry Cowboy will have you covered in these short, fun, shareable videos.     RTÉ Player will curate the very best of Irish-language content for all ages on its home page, allowing viewers to discover the treasure chest that is RTÉ’s wide slate of Cláracha Gaeilge.   And www.rte.ie/gaeilge will continue to showcase the very best of RTÉ’s Irish-language content from across RTÉ and the country, offering ideas and support for anyone hoping to expand their cúpla focail as well as highlighting the best of what Seachtain na Gaeilge has on offer.   The RTÉ Concert Orchestra will be sharing their wisdom with 'An Instrument a day', on RTÉ social media channels.  If you want to improve your Gaeilge over the next month, you’ll find lots of helpful content on Learning Irish (rte.ie). For all the latest on Seachtain na Gaeilge on RTÉ, check out rte.ie/gaeilge as well as RTÉ’s Facebook, Twitter and Instagram accounts using #snag.

And for more on all Seachtain na Gaeilge events nationwide, visit www.snag.ie.